베요네타 오리진: 세레자와 길을 잃은 악마 Theme Song Trailer - Le Chéile i bhForaois Sholas na Gealaí
TITLE: Le Chéile i bhForaois Sholas na Gealaí (Together in the Moonlit Forest)
PERFORMED BY: Lauren McGlynn
MUSIC BY: Hitomi Kurokawa (PlatinumGames)
LYRICS BY: Michael McGlynn
----------------------
“Le Chéile i bhForaois Sholas na Gealaí”
I lár na hoíche, gealach lonrach
Aduantas rúnda, dorcha, ársa
Caillte is tuirseach, aonarach uaigneach
Scáth ag fásadh im' chroí
Cad é an té sin idir na craobha
Ollphéist nó aosán, aosán ghránna?
Feicim cat fiáin, piscín draíochta
Fuacht ag fásadh im' chroí
Fada ó mo ghaolta, fágtha i m'aonar
Mothúcháin rúnach ag teacht 's ag méadú
An namhaid nó cara é mo chaomhnaí?
An féidir liom an neart ‘tá uaim a aimsiú?
Cad é an té sin 'n achrann na coille
Amhailt nó taibhse, síog diongna?
Níl aon creideamh ann im’ shúile
Muinín ag fásadh im' chroí
I measc na coillte, scaipeadh drúchta
Cara mo chéile, piscín fíochmhar
Taobh le taobh, comhaontach le chéile
Níl mé fágtha liom féin
Sracadh leis an saol, ag sracadh le chéile
Mothúcháin rúnach ag teacht 's ag éalú
Braithim anfa 'g eirí níos measa
Mothaím an chumhacht 'tá ionaim ag méadú
I lár na hoíche, gealach lonrach, ('níl mé fágtha liom féin)
Cara mo chéile, piscín allta (mo chara allta)
Imní ag éalú, ag éalú
Níl mé fágtha liom féin
Sian na gaoithe faoi loinnir na réalta,
níl mé fágtha, fágtha liom féin
Fada ó mo ghaolta bhí mé i m'aonar
Mothúcháin rúnach ag teacht 's ag éalú
Ach mar gheall ar ár scaradh óna chéile
Mothaím an t-uaigneas ‘tá ionam ag ardú
Fada ó mo ghaolta.
I measc na coillte beidh mé fágtha liom féin
Caillte im' chroí. Titeann na deora
---------------------------------------------------------------------
▣『베요네타 오리진: 세레자와 길을 잃은 악마』
발매일: 2023년 3월 17일
희망소비자가격: 64,800원
체험판 배포 중
▶https://store.nintendo.co.kr/70010000061850